Scór Sinsear – Scór Chiarraí

By Sinead Pigott Sat 8th Mar

Kerry GAA
Scór Sinsear – Scór Chiarraí
Scór Sinsear – Scór Chiarraí

Scór Chiarraí 2025

 

Bhí an deireadh seachtain deirneach da mhí Feabhra thar a bheith gnóthach acu siúd atá bainteach le Scór anseo i gCiarraí, Reachtáileadh craobhacha an contae thar na deireadh seachtaine ag tosnú tráthnóna Dé hAoine leis an Tráth na gCeist i bPáirc Aibhistín De Staic i dTrá Lí.

Bhí Cnoc na hEaglaise seampainí na hÉireann i láthair agus iad sa tóir ar an tarna craobh as a chéile ach i bhfianaise an dúshlán a fuaireadar ó bhfreasúra i gCiarraí anuraidh bhí a fhios acu go gcaidís bheith aithreach, cruinn agus beach chun an chraobh a thabhairt leo. Agus bhí. Bhíodar ins an chéad áit i ndeireadh an chéad  cuid den clár faoi stiúir Maistir na gCeist Criostóir Ó Cillín. Níor chailleadar ach ceann amháin den seasca cheist. Ar aghaidh leo ar stáitse i gcoinne Spá, Cill Airne agus Na Pairnéalaigh ó Thrá Lí  agus arís bhíodar ar fheabhas le farasbarr de deich bpointe acu ar a gcéilí comhraic faoi dheireadh an chomórtais.

 

Sonny Mac Aogain agus Micheal Mac an Prioire a ghlach pairt ins an Aithriseoireacreht

 

Ar an Satharn an chéad lá de Mhárta is in ionad Dúchais MTU a bhí na himeachtaí ar siúl. Bhí ard chaghdeán i gceithre chinn den sé  chatagóir ach faraoir ní raibh aon iomaitheoirí againn ins an Rince Foirne ná ins an Leiriú Stáitse. Bhuaigh Heather Gray ó Cill Gharraí Uí Londraigh an Amhránaíocht Aonair, Sonny Egan ó Na Niallaigh Crota a thug leis an chraobh san Aithriseoireacht. Gleannn feiscw a bhuaigh an Bailéad Ghrúpa agus is iad seampainí na hÉireann a bhuaigh an Rince Seit, Comhghairdeachas leo go léir agus go néirí leo i gCraobh na Mumhan ar an Satharn 29ú Márta.

 

Fógra: Beidh Craobh Scór na bPaistí ar síúl sa Tinteán i mBaile an Bhunéanaigh ar an 30ú Márta agus Tráth na gCeist ar siúl ar an 28ú Márta sa Currach ag a hocht a chlog.

 

By Sinead Pigott Sat 8th Mar

Related News

View All

Main Sponsor

Associate Sponsors

  • download-removebg-preview
  • Kerry Petroleum
  • WhatsApp Image 2026-03-04 at 09.10.11
  • Ask Acorn
  • Keane's SuperValu
  • Kellihers Tralee
  • Walsh Colour Print
  • HyGo Logo
  • QILTA-SPORT-LOGO-2024-Black
  • Paul Geaney's
  • The Rose Hotel
  • MTU
  • meadowlands
  • Lee-Strand
  • Powerade-Logo-768x480
  • Enterprise
  • Atlantic Oils
  • Geaney Oils
  • Bons Logo (1)
  • Barack Obama Plaza
  • glenealge-hotel-logo-dark
  • oneills blk (1)
  • G&G Wellness Logo
  • Logo (1)